s-1103
| Feadh fhearsaid an duille a bhíonn na duillíní de ghnáth e.g. an crann Caorthainn (an léaráid ar clé), ach is ó ionad amháin i mbarr choisín an duille a fhásann iomlán na nduillíní amanna e.g. an Crann Cnó Capaill (lch 85). |
s-1104
| ''Ach níorbh í allar na caróige, dhá scrútaighthe áithbhéalta dhá raibh sí, a chuir an spiacán as a láimh, síos amach go talamh. |
s-1105
| 'Ba dheacair páirt ná dáimh a bheith acu leis an scéal,' dar le hEoghan. |
s-1106
| TADHG (níos ciúine): Ní hin atáim ag rá in aon chor, ach i ndeireadh an lae níl ann domsa ach spórt. |
s-1107
| Banna Mór Sandvika. |
s-1108
| Ach, fiú má tá eacnamaíocht na hÉireann sa riocht agus gur féidir léi a bheith páirteach sa chóras nua airgid, d'fhéadfadh sé go mbeadh ceist mhór eile le réiteach againn. |
s-1109
| ? |
s-1110
| 'Nach bhfuilimíd bréan de bheith á iompar ar fud na dúthaí agus anois caithfimíd é a bheathú. |
s-1111
| Chaill foireann Shasana an cluiche sin agus cuireadh amach as an chomórtas iad dá bharr. |
s-1112
| Sea, eisean a bhí ag tiomáint! |
s-1113
| Bhí baint ag Séamas le gluaiseacht na hAthbheochana fosta agus le cuid de scríbhneoireacht Ghaeilge an chontae ar bhealaí éagsúla. |
s-1114
| Bhí spéir ghlan ghorm ann. |
s-1115
| clár éadain, mailghí agus súile múscaidhe. |
s-1116
| Is cuma cad eile a socraíodh ag Comhdháil Nice maidir le hionadaíocht i bhForais an Aontais Eorpaigh, nó fiú amháin faoin tionchar a bheadh ag feirmeoirí na Polainne ar fheirmeoirí in Éirinn, is léir go bhfuil tionscal na hiascaireachta fós fágtha ar an gcaolchuid in Éirinn. |
s-1117
| Bhí an Cogadh Mór i ngar do bheith thart ag an bpointe seo agus bhí an Cadhanach ag teacht ar an tuairim gur ghá dó soláthar a dhéanamh dá bhean is dá chlann agus ainneoin a bhabhtaí móra óil bhí gean agus grá aige dóibh. |
s-1118
| Is dócha gur tháinig Éireannaigh nár tuigeadh in aon chor. |
s-1119
| An tusa Briain? |
s-1120
| Sa dá chás sin, bhí na trúpaí faoi cheannas oifigigh Mheiriceánaigh a bhí freagrach do rialtas SAM. |
s-1121
| Is ionann an saol a chaith tuismitheoirí Shéamuis is a chaith na daoine eile san áit ag an am. |
s-1122
| Ina aiste thábhachtach inar phléigh sé ionad an ealaíontóra i saol luaineach athraíoch nach gcreideann sna luachanna seanda a tháinig anuas chugainn le hoidhreacht, dúirt W. H. Auden go gcaithfear sainmhíniú nua a thabhairt ar an rud is traidisiún ann. |
s-1123
| Dúirt an comhairleoir Danny Kennedy gur díol trua é an t-ógánach agus ar fhulaing sé, agus go raibh fuascailt na faidhbe ann dá dtiocfadh an tSeirbhís Phóilíneachta, an Chomhairle agus Páirtíocht Láir an Bhaile teacht le chéile. |
s-1124
| Chuir an tuama mo sháith faitís orm agus mé ar mo bhealach isteach idir na dealbh. |
s-1125
| Mo mholadh go deo ach go háirithe le cathaoirleach nua an eagrais. |
s-1126
| Taobh thiar de, an bás ar éalaigh sé air; roimhe amach, bailte na Bulgáire agus na Gréige, túis na n-eaglaisí Seirbeacha, bruachbhailte na n-ardchathracha neamhchúiseacha Eorpacha. |
s-1127
| Scaoiltear isteach na mná uaisle agus cuirtear trí stól ríoga os comhair an Rí, anseo (Le mím agus gluaiseacht bailé déantar amhlaidh... |
s-1128
| Níl tásc ná tuairisc ar an madra a ling thar bord amach cé gur cuardaíodh dóigh agus andóigh á lorg. |
s-1129
| Pointe suimiúil a luaigh sé ná go dtagann sé níos nádúrtha do mhná labhairt faoi scéalta pearsanta spioradálta, cuir i gcás ag grúpaí urnaí, agus go mbíonn fir amscaí nó cúthaileach faoin a leithéid. |
s-1130
| Bhí Greg gan aithne gan urlabhra gur cailleadh é dhá lá ina dhiaidh san, in ainneoin dícheall na ndochtúirí. |
s-1131
| Mar sin, cuireann mórán saoithe is staraithe nua-aimseartha suim i scéal an tslánaithe chomh maith. |
s-1132
| Ach buiséad Uí Eachaidh i bhfeidhm roinnt éigin blianta sul má tógadh isteach é, seans maith go mbeadh aithne níos fearr agam ar an gcigire anaithnid úd. |
s-1133
| an ball éisteachta; osclaíonn cuas na coda seachtraí den chluas isteach i gcanáil agus ina ceann sin tá tiompán na cluaise; tá tiompán na cluaise cónasctha le trí chnámh agus tá siad siúd ceangailte le fuinneog ubhchruthach; tá an néaróg éisteachta ina nasc idir an chluas agus an inchinn. |
s-1134
| Ar an chéad chuairt sin, leag sé síos patrún chóir a bheith do-athraithe dá chuairteanna tréadacha uile thar sáile. |
s-1135
| Beidh trí cinn de spóirt thaispeántais ann freisin, mar atá cadhcáil, júdó agus galf dhá mhaide. |
s-1136
| ''Cá bhfuil an boc seo ina chónaí? |
s-1137
| Na daoine a' dul 'un miondaigheachta a's chun deire, le laghdú an bhairr a's le spíonadh an fhóid. |
s-1138
| Ní is spéisiúla fós ar ndóigh an dáimh a thaispeáin an phrólatáireacht chathrach riamh leis an dúchas Gaelach mar a léiríodh ó bhunú Chonradh na Gaeilge go háirithe tríd an gcúnamh airgid a thug gluaiseacht na gceardchumann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. |
s-1139
| Cruthaíonn teanga comhfhios daonna. |
s-1140
| Tusa, a ghiolla na léitheoireachta, caith uait an páipéar nuaíochta sin, tabhair do shúil thart ar an chuideachta agus, má tá tú ar dhóigh ar bith dearcasach tuigseach, toisigh a smaointiú ar a bhfuil ar d'amharc agus ar d'éisteacht. |
s-1141
| Is cailín í. |
s-1142
| Táthar dóchasach go ndéanfaidh Foras na Gaeilge athamharc ar an chinneadh gan maoiniú a thabhairt don scátheagras oideachais, Gaeloiliúint. |
s-1143
| Ba bheag snasa a bhí ar imirt na Gearmáine ó thús an chomórtais ach threabh siad a mbealach féin go mall réidh ach gan claí ró-ard ar bith sa ród rompu. |
s-1144
| Comhráiteach breá a bhí sa tseanduine agus d'inis sé dófa fá sheanchas na háite, fá na huamhacha agus fán bhealach faoi thalamh a bhí eadar an pháirc a raibh siad ag obair inti agus an seandún a bhí thíos in aice na farraige. |
s-1145
| Ní dóigh liom go bhfuil muinín ag na tosaithe i gceachtar den bheirt leathchúlaí, Bradley agus Burke, agus caithfear é seo a réiteach. |
s-1146
| Bus na dteangacha i nDoire Cholm Cille. |
s-1147
| SINÉAD Céard é an chéad chéim eile? |
s-1148
| Roghnaíodh é féin, Cormac Feorus Buais agus Séamus Micheál Ó Cogadháin i nDeireadh Fómhair ar chéad Choiste Gnó an Chonartha. |
s-1149
| 'Cá bhfuil cónaí ort? |
s-1150
| Is é an dáta báis a thugtar i bhformhór na bhfoinsí 26 Aibreán; ach is é 27 Aibreán atá i Fasti na hEaglaise agus ar liosta céimithe Ollscoil Ghlaschú. |
s-1151
| Is fiú léamh i dtaobh na tréimhse sin anois. |
s-1152
| Ar an tríochadú lá d'Eanáir, míle naoi gcéad seachtó's a dó scaoil na Paraí leis an daoine is d'fhág marbh 'na gcosair chró. |
s-1153
| MÁ tá cairde agat ar mhian leo Gaeilge a fhoghlaim - nó cur lena líofacht - ní gá dóibh ach glaoch ar Shaorfón 1-800-362 362 chun eolas a fháil faoi chúrsaí teagaisc Ghael-linn nó faoi na ranganna a reáchtáileann na Coistí Gairmoideachais, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile. |
s-1154
| Admhaíonn an tAire féin anois nach bhfuil an méid a dúirt an rialtas a bheith ina pholasaí acu curtha i bhfeidhm. |
s-1155
| Is maith liom úlla agus oráistí. |
s-1156
| Í féin as baile. |
s-1157
| Dar léi, ólann milliún duine caife in Éirinn - mearchaife a bhformhór - agus de réir an staidrimh, ólann gach duine in Éirinn tuairim is 250 cupán caife in aghaidh na bliana. |
s-1158
| Ba ansin a thug mé faoi deara go bhfuair an tábhairne céanna in Óstán Cill Mhartuinn duais tábhairne na bliana i 2001. |
s-1159
| Agus go deimhin, tá mise ag rá leat go raibh sé go dona. |
s-1160
| Bhí sé i bhFirenze na hIodáile nuair a fuair Galileo bás sa chathair chéanna agus meastar gurbh é Galileo agus a chuid smaointe a spreag Boyle chun na heolaíochta. |
s-1161
| 'An dearg-donn ag bonn na spéire, An fhaid is mhairfidh beidh speallra gréine. |
s-1162
| Dhá bhairille beorach agus tríocha galún rum agus aguardiente. |
s-1163
| Níl ach uair a chloig eile fágtha sa chomórtas agaibh. |
s-1164
| D'aontaigh sé go bhféadfadh an cheist seo a bheith níos corraithe le linn an tséasúir mháirseála i mbliana agus na cainteanna idir na páirtithe éagsúla ar siúl ag an am céanna. |
s-1165
| Níor ith. |
s-1166
| Chaith sé bunús deich momaite ag breathnú muid, níor chonaic sé na haghaidheanna smeartha le snas roimhe. |
s-1167
| Ach bíodh a fhios agat go bhfuil le léamh agat, san irisleabhar beag seo féin [.i. an Far East], scéala faoi imeachtaí na hEaglaise i mbaile agus i gcéin, agus déanfaidh siad scéala suaithinseach i gceann milliún bliain ó inniu. |
s-1168
| Ní raibh cead ag Seán dul abhaile ar feadh trí bliana tar éis a thréimhse sa Nóibhíseachlann. |
s-1169
| Ach fiú leis sin, bhí míbhuntáistí ag baint le rialacha a bhain lena phinsean. |
s-1170
| Is múinteoir Seán. |
s-1171
| Naomhaíodh í sa bhliain 1920. |
s-1172
| Mar mhalairt air d'fhaighidís cré-earraí agus earraí gloine ó na Rómhánaigh. |
s-1173
| Dá mbeadh gach rud ag feidhmiú i gceart, ní bheadh orthu imeacht as an tír, an tuairim a bheadh acu, measaim. |
s-1174
| 'Cá fhaid go ligfeadh madra glam aisti? |
s-1175
| Bliain ó shin, 'Phlatero, nuair a chuaigh cuid den leabhar seo, a scríobh mé i gcuimhne ort, amach sa tsaol daonnach, bhronn cara dár gcuid an Platero seo de chairtchlár orm. |
s-1176
| agus ní dhéantar aon scaob oibre na laethanta sin. |
s-1177
| Níor labhair siad air ina dhiaidh sin ina saothar. |
s-1178
| Scríobh sé litir ghéar faoin seasamh a ghlac Erskine Childers sa Chogadh Cathartha, fear a raibh ardmheas aige ar a éirim aigne agus a thuairimí i leith an Coinbhinsiúin i 1917. |
s-1179
| Pádraig Breathnach Máirtín Ó hIarlaithe agus Davy Skerries. |
s-1180
| Ba é Coiste na bhFoilseachán a d'fhoilsigh na leabhair seo agus is gá tagairt anois don Choiste sin. |
s-1181
| 'B'fhéidir go bhféachfá le cúpla port a bhualadh suas dúinn nuair a bheas ár gcuid déanta againn,' arsa an t-athair. |
s-1182
| Ach tháinig Peadar roimpi; shín sé an crochadán chuici agus bhí den iontas uirthi faoin ngníomh nach raibh focal aisti. |
s-1183
| Bhí an lá go hálainn. |
s-1184
| Guggenheim ar taispeáint in Bilbao, ach tá a bhailiúchán féin ag an iarsmalann. |
s-1185
| Cuirfear cor sa stair agus b'fhéidir go n-athrófaí cúrsaí na tíre scun scan - an fear as na Mílte á thabhairt le rá go bhfuil déantús maitheasa i muintir an iarthair mar ceapann muintir Bhaile an Átha nach bhfuil fhios ag aon duine tada ach acu féin agus nach bhfuil fhios ag aon duine tada taobh thiar de Shéipéal Iosóid. |
s-1186
| Ach cén fáth nach dtabharfaí stádas mar sin don tSínis ar chósta an iarthair? |
s-1187
| Bán laistigh, gan cuas pailliamach ann. |
s-1188
| Bhí an dá Ghaeilge agus Scotais faoi chaibidil sna léachtanna chomh maith le spléachadh ar chúrsaí scéalaíochta, amhránaíochta agus ceoil. |
s-1189
| Thosaigh daoine ag aistarraingt a gcuid airgid taisce don Nollaig. |
s-1190
| Ní miste a rá ná go gcuirfeadh san na cailíní ag gáirí ar a ndícheall, ach an t-eagla a bheith orthu. |
s-1191
| Tá bearna mhór anois ann i soláthar Ráidio Fáilte - bearna, gan amhras, a líonfar, bealach amháin nó bealach eile, le himeacht aimsire. |
s-1192
| Sa chaoi sin tugadh an bhreith a theastaigh ó na húdaráis isteach. |
s-1193
| D'éirigh leis an mac léinn sa scrúdú. |
s-1194
| Pionós, nár socraíodh fós, le gearradh ar bhean a chaith pióg le Bertie Ahern le linn an fheachtais olltoghcháin i mí Aibreáin. |
s-1195
| D'éirigh an mac léinn leis sa scrúdú. |
s-1196
| (Déanann sí amhlaidh). |
s-1197
| Chuir said riail ar ainriail agus maise ar mhí-mhaise. |
s-1198
| Bhí sé lách díreach liom. |
s-1199
| An-chosúil le Rana temporaria ach go mbíonn an tsrón níos géire, agus í faoi stríoca go minic; an pillín ordóige mór, crua, agus imeall géar air uaireanta. |
s-1200
| '(01-2698486). |
s-1201
| Faoin am ar rug sí ar an lasairéan agus é a thabhairt ar ais, bhí deireadh leis an troid agus bhí an dá ghráinneog imithe as amharc: 'Ach is cuma dáiríre,' a smaoinigh Eilís, 'mar tá na háirsí imithe den taobh seo den pháirc. |
s-1202
| Bhí an scairín leaththarraingthe ar an leaba so, ach chonaic sé le cabhair an scáth i bpána dorcha na fuinneoige go raibh cuairteoir ag an seanbhean. |