s-104
| Tá iarratais dhá lorg ag Comhairle Contae na Gaillimhe ó ghrúpaí pobail / deonacha don bhliain 2002, ó Thoghroinn Chonamara amháin (beidh na Toghranna eile in ann leas a bhaint as an scéim seo sna blianta eile). |
s-105
| Dúirt an Ridire Pádraig gur cheart an Ghaeilge a mhúineadh dóibh siúd a raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga acu. |
s-106
| Chonacthas don fhear seo nár chóir do Éireannaigh a bheith sásta leis an Taoiseach de bhrí gur thug sé cead a chinn do Mheiriceá a bheith ag úsáid aerspás na tíre seo gan ceist a chur ar na daoine. |
s-107
| Fataí agus coirce ba mhó a chuirtí. |
s-108
| Má itear an mhil seo sula dtosaíonn astú pailine, tá seans go spreagfaidh sé córas imdhíonach an choirp le go mbeidh sé ábalta éifeachtaí na pailine a cheansú. |
s-109
| 'I ngach eagraíocht mhór bheadh scata daoine ag babhtáil' agus d'fhéadfadh aon duine acu siúd na teachtaireachtaí atá á seoladh ar an Idirlíon a léamh. |
s-110
| Tor nó crann beag ilchraobhach; duillí urchomhaireacha lansacha; na bláthanna glasbhuí ina mbraislí beaga in ascaillí na nduillí. |
s-111
| Cnoc Fola Anseo tá clagarnach claíomh le cluinstean I ngaoth pholltach na Rinne ag tógáil bruíne. |
s-112
| Ní móide go n-éireoidh leis an iarracht seo, ach ní shin le rá nach mbeifear á bhrú chun cinn le linn na bliana seo, agus b'fhéidir an bhliain seo chugainn leis. |
s-113
| Tá an chuma ar an scéal, áfach, go bhfuair siad bás suaimhneach agus shíl an scríbhneoir gurbh fhiú cuntas a choinneáil ar a mbás. |
s-114
| Measann déantóir na gcónraí, Fabrizio Caselli ó Lucca sa Tuscáin, go mbeidh trí lárionad éigeandála de dhíth chun déileáil leis na glaonna ón uaigh, má éiríonn leis an fhiontar. |
s-115
| An Domhnach seo ar Pháirc an Chrócaigh caithfidh siad féin agus Francis Bellew seasamh guaille ar ghuaille leis an líne lántosach is mó clú a tháinig as Ciarraí ó bhí aimsir Sheehy, Liston agus Egan ann. |
s-116
| Is fiacla sealadacha iad. |
s-117
| Is é an leabhar a thug sí do Mháire. |
s-118
| Seo cúpla ceann eile. |
s-119
| Sin a bhfuil ann. |
s-120
| Is furast aithne é. |
s-121
| Dheisigh Seán an rothar. |
s-122
| Bhí a cos féin ag breathnú uirthi, an chos chéanna go baileach ar dhath an spáinnéir, bán is donn, súil ghrinn ag an gcos is an tsúil sin ag amhastrach uirthi. |
s-123
| Chaith sé cúpla bliain ina chónaí ar an oileán leis féin ach bhog sé isteach go tír mór sa bhliain 1975 nuair a bhí sé 63 bliain d'aois. |
s-124
| Bhí a ngruanna faoi lasadh. |
s-125
| Agus as go brách leo. |
s-126
| Cothaíonn sé a chuid Ghaeilge gach bliain ar saoire sa Spidéal. |
s-127
| Dúirt siad nach bhfeiceann siad an cineál seo chomh minic sin. |
s-128
| 'Ba mhaith liom sin. |
s-129
| Cuimhní ó áit éigin eile, na blianta fada ó shin? |
s-130
| Is airde sliabh ná cnoc. |
s-131
| Thug siad a n-aghaidh ansin ar áisínteacht fostaíochta a raibh a seoladh scríofa síos i leabhar nótaí ag Tom. |
s-132
| Bhí an fear ag an doras. |
s-133
| Nach bhfuil carr an duine acu. |
s-134
| Bíonn ladhracha ar an gcrág aige. |
s-135
| Seandúshlán an mhí-áidh a bhí ann. |
s-136
| Tá a fhios againn gur ar shuíomh an bhaile a bhraitheann an fhorbairt cuid mhaith. |
s-137
| Ar ais go dtí an Liosta de Spóirt Indibhidiúla. |
s-138
| Tugadh an bhreith 3-2 i bhfabhar Lubulwa. |
s-139
| Ligfeadh sé dó éalú ón saol seo. |
s-140
| B'shin an uair a gcuireadh an Cadhan Mór thar maoil agus a dtuilleadh sé an leasainm a bhaist Ó Ríordáin air, Raidhse. |
s-141
| Tá ionad suntasach tábhachtach tugtha don tsíocháin idirnáisiúnta agus dá buanchoimeád i gCairt na Náisiún Aontaithe. |
s-142
| Is beag planda a fhásann i dteocht faoi bhun 4C. |
s-143
| 'Níor cheart do na polaiteoirí aislingí a chumadh agus an pobal a fhágáil ar an ngannchuid maidir lena bhfíorú. |
s-144
| (' Oidhe Réalt an Ghleanna ', CP). |
s-145
| Is amhlaidh a dhípholaraíonn na cillscannáin i matáin na n-atriam ar dtús i gcónaí, rud a spreagann na seomraí sin chun craptha. |
s-146
| Níor chúis iontais í go hiomlán gur ghlaoigh sé ar Melissa. |
s-147
| Bhí an fear ag siúl leis an mbean. |
s-148
| B'fhéidir go raibh tuirse orm. |
s-149
| Nár labhair Seán? |
s-150
| Tóg go bog é. |
s-151
| 'Ach caithfidh mise a bheith ar shiúl chun an tsiopa. |
s-152
| 'Ar cheannaigh tú aon mhilseáin? |
s-153
| D'áitigh an rí air dul i gceannas ar an obair. |
s-154
| Ceithre phunta dhéag meáchain! |
s-155
| Tháinig sé ar Rí Laighin ar Tountinna. |
s-156
| Suíonn Tímí agus Ronna. |
s-157
| Laistigh de bhalla cois bóthair ar fhearann na heaglaise a raibh athair Dhúbhglais de h-Íde ina mhinistéir inti ar an Phortach Ard tá fógra anois: 'Ceiliúrlann an Chraoibhín / Dr Douglas Hyde Centre ar oscailt / open Bealtaine - Meán Fómhair / May - September...' Tá an t-údar agus An Gúm le moladh as tabhairt faoina leithéid d'áis a chur ar fáil - thiocfadh gurbh é seo an chéad chéim i dtreo ciclipéid eolaíochta as Gaeilge |
s-158
| Tuigfear mar sin, de bharr tóir a bheith agam ar bhealaí nádúrtha leis an gcorp a thabhairt chun lánfoirfeachta gur chuireas cluas le héisteacht orm féin san Horseman's Inn i mBéal na Coire Thoir nuair a thosaigh na dúchasaigh, ar cheannaíos deoch nó dhó dóibh i rith na hoíche, ag caint go leathmhagúil ar thuras leighis ag Nettle's Cottage. |
s-159
| 'dá mbeadh cóiste saor... Dá mbínn i m'fhile, cheolfainn agus mholfainn 'an mhuc dhubh' (an t-ainm a bheireadh bunadh na mbailte s'againne ar an traein roimhe seo) go ceann seacht mblian. |
s-160
| Faisean le Úna Ní Bhrannagáin Ná híocaigí na táillí - Fahey Brú Tráchta i Maigh Eo. |
s-161
| '' Ach, a Bheartla, ní hí an smólach chéanna - '' '' An smóilín chéanna - chéanna chéanna - a Shéamais. |
s-162
| Éileofar air nó uirthi, áfach, taisteal chuig an Ionad de réir mar is gá. |
s-163
| (3B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le comaoin a fuarthas i leith diúscartha iomchuí arna cur i gcrích le hordú a rinneadh faoi alt 28 (1) den Acht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997. |
s-164
| Ba i dtithe lucht oibre ba mhó a bhí iarraidh ar Liabán agus iasacht airgid, ach bhí go leor eile ag fáil airgid uaidh, fosta. |
s-165
| Dhá arm aigne an dá theanga, ba ghnáth a rá, ach is arm eile agam féin an t-am, agus nach scátálaim ar oighear ach go dtumaim agus go snámhaim i sruthanna éagsúla an ama. |
s-166
| Orthu siúd bhí John Baptist Crozier, eaglaiseach a bhí ina Ardeaspag ar Ard Mhacha i ndeireadh a shaoil. |
s-167
| Chrom an Diúc gur phioc suas é di go cúirtéiseach. |
s-168
| ), Bhuail Éire iad dhá uair i gcluiche coimhlinteach, i mBaile Átha Cliath i 1965 agus i 1989, 1-0 an dá uair. |
s-169
| Tá an éide scoile s'againne maith go leor anseo i Scoil Naomh Pól. |
s-170
| Tar éis a bheith briste ar an nGearmáin ghlac Meyer leis an áth mar a fuair agus chuaigh do cheangal mhuintearthais le daoine a bhí in earraid leis cheana. |
s-171
| Níl Tóiceo agus Aerfort Haneda ach thart ar leathuair ar shiúl i gcarr agus níl Aerfort Idirnáisiúnta Thóiceo, Naritam, ach thart ar uair go leith an chloig ar shiúl. |
s-172
| Níl aon mheas tuillte ach an oiread ag an nGinearál Seán Mac Eoin agus an Ginearál Risteárd Ó Maolchatha, iar-ardshaighdiúirí a bhí anois ina bpolaiteoirí, agus a chuir i gcoinne ceannach arm agus a thug easpa tuisceana ar an saol le fios. |
s-173
| Liosta de na cáipéisí agus na hábhair uile atá iniata san iarratas - Faisnéis faoin gcúrsa / faoin oide / faoin taithí oibre (bróisiúr más cuí), faoi na daoine atá i gceist agus faoin leibhéal tiomantais atá acu don tionscadal. |
s-174
| Beidh a chomhionann le déanamh le fuaimniú na teanga agus is mithid sin le freastal ar mhúinteoirí, agus orthu sin a bhíonn ag plé le scrúduithe agus le trialacha cainte agus éisteachta, agus go háirithe le cuidiú le lucht raidió agus teilifíse uirlis chumhachtach chumarsáide, a dhéanfadh freastal ar phobal leathan ilbhéascnach, a chothú agus a bhuanú. |
s-175
| Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le glacadh, coigeartú nó tréigean rátaí lárnacha an ECU. |
s-176
| Tá fliodh, neantóga agus copóga ag fás go buacach ard i ngach clúid agus coirnéal de. |
s-177
| Ach níor fhéach mé lena dhochar a dhéanamh sa Fhrainc in am ar bith. |
s-178
| Airteagal 13. |
s-179
| Tá rudaí ag dul ar aghaidh go maith. |
s-180
| Is ag léamh an nuachtáin a bhí seisean. |
s-181
| As ucht Dé oraibh... Athbheochan na Gaeilge. |
s-182
| Sular féidir linn aon chainníocht a thomhas ní mór dúinn aonad a bheith againn. |
s-183
| Ní raibh an dara dóigh air, ná an gual a chur chun na farraige, sin nó a chur amach san Oileán - agus nár mhillteanach an bhreab é an áit nach raibh fód móna? |
s-184
| Is mó uair le blianta anuas go bhfuil báireoirí an chontae lártíre molta againn in ANOIS ach ní mór a admháil gur le Cill Chainnigh a chaith mé mo ghuth vótála seachtain ó shin. |
s-185
| Dar leis an bhfile, bhí an bua ag Mac Adaim agus a lucht leanúna ach gur doirteadh barraíocht fola ar bhealach an bhua. |
s-186
| Arís cruinniú Béarla ar fad a bhí anseo agus bheadh cuntas ar na himeachtaí go léir thar admhainn an tsaothair seo. |
s-187
| 'Tá dhá chuntas eile ar imeachtaí an Éirí Amach ó Thomas Cloney agus Edward Hay ina ndéanann siadsan iarracht iad féin a scaradh amach ó chomhcheilg pholaitiúil Éirí Amach Loch Garman. |
s-188
| Caidé 'n rud a dtugann sé na - 'maidí-úachtaracha' orthú? |
s-189
| Tá an Páirtí Daonlathach iad féin chun é a chur tríd an Dáil, dar lena bhforógra, in ainneoin go raibh seans acu é a dhéanamh cheana féin agus iad i gcumhacht. |
s-190
| Bhí ráfla ann go mb'fhéidir go dtiocfadh Pat An Cóp Ó Gallchóir ar ais ón Eoraip le polaitíocht na Dála a imirt arís. |
s-191
| Fógraíodh gur Cipirigh-Gréigeacha a mharaigh é. |
s-192
| Cén fáth a ndeachaigh sé amach? |
s-193
| An bhfeiceann tú aon eilimintí eile den síscéal ann nach bhfuil luaite thuas? |
s-194
| Bhí Caitríona sé bliana d'aois. |
s-195
| eisfhearadh: scaoileadh dramhaíle ó orgánach. |
s-196
| Ba é Seán a d'íoc as an dá thicéad, ticéid aisteacha, a shíl mé. |
s-197
| Bhí a leath-chos bacach ach níor fhág san ná go mbíodh sé ag preabarnaigh timpeall gan stad. |
s-198
| Ba chóir machnamh a dhéanamh ar spreagadh airgeadais chun ligean do níos mó scoláirí páirt a ghlacadh i scoileanna samhraidh Gaeilge. |
s-199
| Bhí saibhreas na gCeilteach bunaithe, cuid mhaith, ar dhá scil a bhí ar fheabhas acu - mianadóireacht agus miotalóireacht. |
s-200
| Rud nach dtuigtear go coitianta is um Nollaig a itheann muintir na Fraince breis agus nócha faoin gcéad dá riachtanais oisrí - agus is ar an margadh sin atá tionscal na hÉireann dírithe agus ag brath. |
s-201
| Tá an pictiúr bunaithe ar thuairisc a thug na Spáinnigh agus lucht taistil eile. |
s-202
| I ngrianghrafanna suimiúila déanann P. Ó Síocháin comparáid idir an muileata deartha ar an gcloch i mBrú na Bóinne agus an muileata atá mar dhearadh coitianta i ngeansaí Árann. |
s-203
| Ach is lena aghaidh sin a ceapadh na boinn ídín, leis an bhfuil a choinneáil ag sodarnaíl. |