s-303
| Ní bhíodh aon bhailiúchán ann agus ceapann sé nach mbíodh bailiúchán ar siúl i dtithe eile Chillín Chaoimhín ach oiread. |
s-304
| Bhí na sléibhte ag imeacht soir ó dheas anois, an talamh cnocach go fóill áfach, cé gur léir go raibh an chuid a ba mheasa thart. |
s-305
| Tá New Bedford, anois, ionad iascaireachta traidisiúnta le 350 bliain anuas, Cháin sé go dian, freisin, an truailliú atá á dhéanamh don dúlra ag na comhlachtaí ollmhóra ilnáisiúnacha. |
s-306
| Ach ar éigean a thuig a thug... |
s-307
| In aice sin bhí ocras céadtach uirre anois, arae, níor chaith sí mórán ar maidin, agus ba ghnás léithe cupán tae cosnochtuighthe a fhagháil, ag an haon déag gach uile lá i gcaitheamh deich mbliana. |
s-308
| Ba í Garry Hynes - Druid agus iar-stiúrthóir ealaíne conspóideach na hAmharclainne Náisiúnta - a léirigh an oíche go sár-ábalta mar is dual di. |
s-309
| Tarraing an fhíor tugtha. |
s-310
| Leath roinnt diagairí, grúpaí le chéile díobh uaireanta, an teoraic nach raibh gá níos mó le haon chaiticeasma, gur mhodh seachadta creidimh é a bhí as dáta agus, má sea, gur cheart é chur i leataoibh. |
s-311
| Níl ansin ach mo thuairim phearsanta féin. |
s-312
| 'Mar gur strainséir mé. |
s-313
| Tá Brian Friel i ndiaidh cead a thabhairt don chomhlacht drámaíochta Aisling Ghéar an chéad leagan Gaeilge dá mhórshaothar Dancing at Lughnasa a chur ar an ardán. |
s-314
| Tar éis bliana, áfach, saolaíodh mac di féin agus Höskuld - Ólaf. |
s-315
| Is maith an rud go bhfuil an leabhar seo, a bhí as cló ó foilsíodh é nach mór, ar fáil arís mar taobh amuigh dá fhiúntas liteartha tá sé fíorthábhachtach ó thaobh na staire agus na socheolaíochta de. |
s-316
| Go tobann, ní raibh amhras uirthi a thuilleadh. |
s-317
| Tá an fhoireann taighde roinnte ar cheithre rannóg ó 1977 i leith, nó cúig cinn má chuirtear an tSeirbhís Leabharlainne agus Eolaslainne san áireamh. |
s-318
| 'Tá téagar sna páirteanna a fhaigheann tú i scannán,' ar sise. |
s-319
| Ansin scaoileas siar mo shuíochán féin chomh fada agus a bhí siar ann is chuireas gothaí codlata orm féin. |
s-320
| Is beag planda a fhásann i dteocht faoi bhun 4C. |
s-321
| Labhair go soiléir. |
s-322
| Ba mhinic féachaint nirt ag na fleánna sin, e.g. Ba mhinic fear a dtugadh siad Pádraig Seoighe air acu fá choinne obair den chineál seo a dhéanamh. |
s-323
| Tá leas an tomhaltóra gach pioc chomh tábhachtach le leas an táirgtheora. |
s-324
| An doras iata - 21/9/51: C.B.É. AN DR UÍ SHÚILLEABHÁIN: Agus cén chaoi bhfuil an t-othar? |
s-325
| Fínéad éifeachtach focalspárálach é scéal Mháire Mhac an tSaoi, 'An Bhean Óg', ina mbraitheann an léitheoir an t-uaigneas céanna anama seo i gcás na mná óige ar cosúil go bhfuil an cliseadh pósta i ndán di. |
s-326
| 'Cá bhfuil an siopa? |
s-327
| Is gá ardchaighdeán Gaeilge, idir scríofa agus labhartha, a bheith ag na daoine a cheapfar agus tuiscint mhaith acu ar ghramadach na Gaeilge, ar an gCaighdeán Oifigiúil agus ar mhórchanúintí na Gaeilge. |
s-328
| Is ar bhonn na hargóna sin a tháinig de Valera i gceannas ar an Sinn Féin nua 'Poblachtach' i 1917. |
s-329
| Tá cuimhne mhaith agam chomh cruaidh agus a bhí sé. |
s-330
| Sa bhliain 1900 ar éigean a bhí billiún go leith duine beo ar an domhan. |
s-331
| D'fhan sé ansin le fiche bliain. |
s-332
| Nuair a thug Ruaidhrí Ó Flaithbeartaigh - a scríobh Stair Iar-Chonnacht i 1684, cuairt ar Inis Oírr timpeall lár na seachtú aoise déag, Inis Oirthir a bhí mar ainm ar an oileán ach deir sé go dtugtaí Ára Chaomháin ar an oileán freisin. |
s-333
| Faoi mar a tharla, is oth liom go raibh triúr de na comhaltaí nach bhféadfainnse glacadh leis an dearcadh a bhí acu agus, sna cúinsí uile, ní raibh dul as agam ach iad a chur as oifig. |
s-334
| Tá seilf faoi leith curtha ar leataobh don tuarascáil (a fhoilseofar roimh dheireadh na mílaoise) i gceannáras na Roinne agus is é an traidisiún go gclúdaítear a leithéid de thuarascáil le deannach Gaelach. |
s-335
| Chuaigh sí amach faoi dheifir. |
s-336
| Eascróidh na teicníochtaí measúnaithe a mbainfear leas astu go nádúrtha as an teagasc agus as an bhfoghlaim agus beidh a n-éifeacht ag brath ar chomh hinniúil agus a bheidh an múinteoir ar bhreathnóireacht, ar éisteacht, ar idirghníomhú leis na daltaí agus ar thorthaí a dtascanna foghlama san eolaíocht a mhionscrúdú. |
s-337
| Dhein Bord na gCeantar Cúng an-obair chun feirmeacha bídeacha san iarthar a chónascadh. |
s-338
| Scairt mé ar ais air. |
s-339
| Is cúlbhrát dainséarach é seo le haghaidh cluichí polaitiúla atá á n-imirt ag easaontóirí i bpáirtí David Trimble. |
s-340
| Gan dabht chun iad a chur ar an sráid, bheadh orthu iad a thabhairt isteach sa chathair ar dtúis. |
s-341
| B'é cur isteach an tSeanadóra a shlánaigh é! |
s-342
| I mí Mheán Fómhair 1940, bhí áit pioctha ag Séamus i Kaji-htu, chun misean nua a chur ar bun. |
s-343
| Shíl siad gur chóir daobhtha é a phógadh. |
s-344
| Ní gach uile lá sa mbliain a bhí a leithéid de scéala ann. |
s-345
| 'Cad a bhí ann ach go raibh sé 'cut off with a shilling', agus tugadh an scilling dó! |
s-346
| An dtuigeann sibh? |
s-347
| Is gnách go mbíonn teocht ard iontu. |
s-348
| Díomá Dúirt Antaine Ó Faracháin, duine de choiste eagraithe Fhéile Sean-Nós Cois Life go raibh díomá ar lucht na féile faoin bpolasaí nua. |
s-349
| Is Gaeilgeoirí ó dhúchas isteach is amach ar dheich faoin gcéad de na mic léinn a thagann isteach go Coláiste Phádraig, Droim Conrach gach bliain. |
s-350
| Chomh maith leis sin, chreid an pobal i gcoitinne nach raibh aon teora leis an méid daoine a bheadh ag maireachtaint ins na Stáit Aontaithe roimh dheireadh na h-aoise seo. |
s-351
| D'éirigh thar cionn léi. |
s-352
| Treasure Island Uncut ar Network 2 Dé Luain ag 10.30. |
s-353
| Ar an 31 Lúnasa scaip an tSeirbhís Uisce na fógraí ar gach teach agus ar gach foirgneamh a fhaigheann uisce ó Thaiscumar an Phoill Ghlais. |
s-354
| Bhíodh fíoracha na ndéithe snoite as cabhlacha crann sna doirí úd agus ina dteannta altóirí ar a ndéanadh na draoithe íobairtí. |
s-355
| Moltar go mbeadh dhá éide ar leith ag gach foireann: éide a bhfuil dath geal uirthi le linn dóibh a bheith ag imirt sa bhaile; agus éide a bhfuil dath dorcha uirthi le linn dóibh a bheith ag imirt 'as baile'. |
s-356
| Cuireadh i dtuama simplí é i lusca Bhaisleac Naomh Peadar. |
s-357
| Níl go leor tacaíochta ann le cuidiú le traenáil foirne nó le monatóireacht chaighdeán an tsoláthair. |
s-358
| ) Lean gach duine eile é ar ball cé gur bheag nár thit an Prionsa Eoin isteach san abhainn arís. |
s-359
| Níos measa fós, tharraing siad gorta, léirscrios agus bás ar na daoine a thogh iad. |
s-360
| D'fhéadfadh gné idirnáisiúnta a bheith ag baint leis an imirce. |
s-361
| Ní bheadh sé tar éis dul tríd na heachtraí peannaideacha sin a fheictí dó, nuair a chuimhníodh sé orthu faoi mheascán den anacair agus den eagla, go fiú. |
s-362
| Caitheann sé anuas ar fhéith an réabhlóideachais agus troda de chuid Skinner. |
s-363
| San am chéanna bhí smaointiú pisreogach ag teacht fríd mo cheann gur trí ghné den anam amháin Cathal Mac Eachmharcaigh agus mé féin agus Ruairí Ó Canainn - Cathal an t-éigeas domhain filiúnta agus mise ní ba ghairbhe ná sin, eadar an fhilíocht agus éachtaí an tsaoil, agus Ruairí garbh go leor lena bhealach a throid thart ceithre ceathrúna an domhain. |
s-364
| Is fiaile go minic é. |
s-365
| Taispeánann suimiú ar fhigiúirí 'tally' go raibh 6,900 vóta ar fad ag Éamon Ó Cuív i gConamara - sin chuile áit taobh thiar de theorainn na cathrach, agus oileáin Árann san áireamh. |
s-366
| Faightear na sliogáin fholmha caite aníos ar an trá. |
s-367
| (ii) I gcás na bliana 1999-2000 nó aon bhliana measúnachta dá éis, féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, in aon chás áirithe, d'fhonn íoc réamhchánach de réir an fho-ailt seo a éascú, aontú líon na dtráthchodanna comhionanna míosúla a bheidh le bailiú i rith bliana a athrú nó, tar éis tráthchuid amháin nó níos mó a bheith íoctha sa bhliain sin, aontú le méadú nó laghdú ar an méid a bheidh le bailiú i dtráthchodanna dá éis sin sa bhliain sin; ach ní dhéileálfar le duine inmhuirearaithe mar dhuine a mbeidh méid réamhchánach íoctha aige nó aici de réir an fho-ailt seo mura rud é - (I) nach lú ná 10 líon na dtráthchodanna míosúla a bheidh íoctha ag an duine sin sa bhliain mheasúnachta, agus (II) go ndéantar méid nach lú ná 70 faoin gcéad de mhéid na réamhchánach is iníoctha ag an duine sin don bhliain sin a íoc i dtráthchodanna ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig sa bhliain sin. |
s-368
| Ó am go chéile thugadh Ljúbín leis go dtí a theach féin é. |
s-369
| 'Is ceart na hionsaithe a cháineadh, gan amhras, ach tá bealach amach astu cé nach bhfuil sé á lorg go dícheallach. |
s-370
| Chuaigh fear amach ag baint féir. |
s-371
| (f) Tá sé a dó dhéag a chlog. |
s-372
| Ní chloisim éinne á caoineadh, ámh; is é an trua gur shleamhnaigh sí chun na huaighe is gan tórramh ceart uirthi. |
s-373
| Níor éirigh sé nuair a chonaic sé ag teacht í, agus níor dhearc sé uirthi nuair a labhair sé léi. |
s-374
| Ní raibh aon raimhre fós sna prátaí agus bhí formhór mór na dtornapaí ina bpóiríní. |
s-375
| Leath an oíche í féin ar fud an oileáin. |
s-376
| Mhol Sheena agus Richard go mb'fhéidir gur cheart dúinn teacht le chéile a eagrú don bhliain seo chugainn, chuadar timpeall ag tógaint ár seoltaí, ach ní raibh mórán suime sa tseift. |
s-377
| 'Is féidir libh troid amárach, más gá ar chor ar bith é,' a dúirt an tOllamh go fuinniúil. |
s-378
| A Mháire Áine, a iníon ó, tá scéala agam duit, d'fhógair sí uirthi nuair a d'airigh sí a coisméig éadrom ag teannadh le doras an tí a bhí le taobh dhoras an agaird. |
s-379
| 'Chuardaíomar gach aon chuas i leith chomh fada le Cuas na Naoi. |
s-380
| 'Síleann muid go bhfuil rud éigin contráilte leis na marcanna i mbliana agus beidh muid ag fiosrú an scéil leis an CCEA. |
s-381
| Tá an eachtra sin buanaithe aige i scéal Mháirtín Uí Mhéalóid in Lig Sinn i gCathú. |
s-382
| B'ait ar fad go bhféadfadh duine leasainm a mhearú ar son ainm dílis, ach b'ait go léir é dá mbeadh beirt Bhráthar Saidhclaps i bprobhinse Leatha Mogha. |
s-383
| Agus ansin faightear locht orthu... |
s-384
| AR 10 Feabhra 1968, cúig lá tar éis do William Conor bás a fháil, d'fhoilsigh an Belfast Telegraph cartún le Rowel Friers (1920-) dar teideal 'The End of an Era,' in ómós don phrionsa fir a bhí ar lár. |
s-385
| Ba é an Ceannfort Mac a' Bhaird a bhí freagrach as an obair seo roimh an gCigirt Mac Fhionnlaoich. |
s-386
| Tuaisceart na Mór-Roinne ón bhFrainc soir go dtí an Áise. |
s-387
| Sin Pádraig Mac Piarais, duine cumasach, díograiseach, dúthrachtach ach duine nach raibh ceird an ionramhálaí ná an teagmhálaí dhioplómaitiúil riamh aige. |
s-388
| Ón uair, áfach, gur cuireadh an leabhar i gcló, faighimid tráchtaireacht anseo is ansiúd scríofa faoi scáth an amhrais; amhras uaireanta gan de bhunús aige ach an buille faoi thuairim. |
s-389
| Ach nuair a chas mé síos níor lean sé mé, ach d'imigh leis soir. |
s-390
| 'Chuir siad mo chuid airgid ballraíochta - Euro 50 - ar ais chugam,' adeir Proinsias, agus Euro 10 lena chois sin. |
s-391
| Is ball é de Rúnaíocht Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath. |
s-392
| Bhainfinn díom mo chuid éadaí agus stróicfinn di a cuid sise agus ghabhfainn caol díreach ar mo ghlúine roimpi go bpógfainn le mire chuile mhiongán orlaigh di. |
s-393
| D'éirigh go han-mhaith leis an tseirbhís bhus, agus ag an am céanna bhí ardchaighdeán oideachais ar fáil. |
s-394
| Ach, tá smaoineamh le déanamh ar an taobh eile freisin. |
s-395
| ceathramhna storramhla, buille fánánach... |
s-396
| Frítheadh ansin go raibh beairic na bpíléar dúnta, agus iad féin glanta as. |
s-397
| nó ó láithreán gréasáin na 10 gCéim: www.10steps.ie Nuair a bheidh an próiseas athbhreithnithe críochnaithe go hiomlán measann na Coimisinéirí Ioncaim gur tuairim is 850,000 (669,429) a bheidh sa mhéid a bheidh aisíoctha maidir le haisíoc breosla agus aisíoc cánach bóthair. |
s-398
| Íííííííí! |
s-399
| Tagann sé seo ó choinníoll de Chlárlann na Talún nach ndéantar Ordú Deighilte mura bhfuil na sciarshealbhóirí ina n-úinéirí cláraithe. |
s-400
| Mhair an scéal sa bhéaloideas leis na céadta bliain agus ansin scríobhadh i lámhscríbhinní é. |
s-401
| Bheadh na hoileáin seo ar bheagán daonra - Inis Bhigil amach ó chósta Mhaigh Eo, mar shampla. |
s-402
| Go deimhin, bhí cosc ar aisteoirí nár Bhriotanaigh iad páirt a ghlacadh sa scannán. |