s-2
| Táid sgeachóirighe, sgeachóirighe muc agus caor dubh an chrannla, tuir luathfáis ann fós. |
s-3
| Bhamar ag tabhairt mine buidhe amach andiu ar tri leath-phinginighe an pota: ta spirid na nGaodhal briste sios go mor: trosga. |
s-4
| A thigh dochuimseach fein, agus gach spiorad, maith is olc, dá bhfuil ann! |
s-5
| Maidin breagh, chomh bog le la abráin: na druideana go calaoideach ar crannaibh ag Cúirt an Fuite na sgataibh. |
s-6
| Ar tteacht abhaile dhom um cronughadh lae, bhí cuma feargach ar an speir, le neulta dubha dearga ruadha agus forruadha, le h-anfa aniar. |
s-7
| Thangas abhaile air mo socracht. |
s-8
| Fuaras an dréimire Muire faoi blaith liathdhearg ann, agus an feoran curraigh 's na moinfhearthuighibh. |
s-9
| Bhi seana-chapall trucaile leathchaoch corptruagh crubtrom stagach, agus cingire coiriceach ciardhubh, .i. Micheal Ua Cuidithe, mar ghiolla againn. |
s-10
| Ta cios, cana, deachmhadh, sraith contae agus teampuill róthrom, agus ni fuláir a mbeith an faid bheidh an fiach righe, .i. an fiac Sasanach, .i. an fiach do thosadh Rig Uilliam do chur ar an righeacht chum an creidimh gallda do chongbhail suas, agus an creidimh caitliceach do chur sios. |
s-11
| Nior chualas guth na cuaiche fós. |
s-12
| Seo suas Ó Ceallaigh, agus, o nach raibh 'fhios aige cia bhuail é, chrom se ag rúsgadh gac nduine thárla 'na shlighe, agus thug sé leadhab do Sean Ó Athiaruin, duine uasal óg, noch do thug liudradh breagh dó 'n-a ionad, ag cur preabán dubh ar a shúilín easóige. |
s-13
| Nior seasadh an sonnadh gaoithe se acht cuig moimeint, agus is maith do muintir Callain nachar sheasadh, oir nior chualasa a leitheid eile ariamh, ach aon anfa amhain eile. |
s-14
| Amhail na h-éin leis an ccat, bionn an duine bocht leis an tioranach, an uair airigheann se é féin saor o n-a thíoranacht. |
s-15
| Do bhí si gan urlabhra gur ghlaoidh na coilighe d'eis meadon oidhche, an tan fuair sí a hurlabhra; agus annsin caill si luth a coise noch do bhí chomh fuar le leacoidhre . |
s-16
| Do sheid an gaoth go ciuin tre folt an fanuighe faon, ag nochtadh muineal chom geal le h-ala ar linn. |
s-17
| Is iomadh bliaghain fada mín direach caitheas fein agus m'athair ag munadh sgoile san bothán so, agus ag bothan bala fidín eile rod beag níos mó ag crann Cilldaluadh , agus ag tig maith sgoile a mBaile Ui Caoimh, laimh le Croc na Caruige; acht foraoir! |
s-18
| An seiseadh la deag .i. luan Casga no la na comhoboige. |
s-19
| Teidheadh an smólach amach gach la agus tugadh asteach lei i n-a gob brobh feir, tar eis e thomadh i rianán uisge, bhí laimh leis an ttigh, agus do rinn an nidín cluthar cruinn di fein san feoilchiste, ait a mbiodh sbrúileach agus blodhairighe arain le fail aici. |
s-20
| Is aoibhin saoghal doibh muna déirc é a dheire. |
s-21
| Ag teacht abhaile dhom tar Droichead na nGabhar chualas air gach taoib díom an smolach, an fuiseog, agus gac einín bin eile ag ceileabhradh da cheile. |
s-22
| Ní fheadar an í bainrioghan na bruighne do thóg an stoirm, agus chuir an fraoch feargach so ar aigheadh neimhe, i ttaobh me baint le caonach a leapthann, agus bolgan beicighe a h-iomhadh. |
s-23
| Táid creabhair go leor fós. |
s-24
| Inneosad féin sin duit. |
s-25
| Go ttugadh Dia Odlaig mhaith dhúinn faoi shéan agus faoi shonas. |
s-26
| Adubhairt Símón Peadar ris, a thighearna, ní hiád mó chosa amhaín, achd mo lámha agus mó cheann mar an gcédna. |
s-27
| Ní ar a sonsan amháin doním guidhe, achd mar an gcéudna ar son na ndáoine chreidfios ionnam, tré na mbreithirsean: Dochum gu mbéidís uile ná náon, mar atá tusa a athuir ionnamsa, agus meisi ionnadsa: dochum gu mbéidision mar an gcédna na naon ionnuinne: dochum gu gcreidfeadh an sáoghal, gurab tusa dho chuir uáit mhé. |
s-28
| Adubhairt tú so gu fírinneach. |
s-29
| Agus as sí so an bheatha mharrthanach, gu mbeath a fhios aca tusa amháin do bheith: ad Dhía fhírinneach agus an té dho chuir tú uáit Iósa Críosd. |
s-30
| Agus adubhairt seision riú, muna fhaice meisi lorg na dtairrngeadh ana lámhuibh, agus muna gcuire mé mo mhéur a náit na dtairngeadh, agus muna chuire mé mo lámh ina tháobh, ní chreidfe mé sin. |
s-31
| Adubhairt Íosa ría, ná bean rium: oír ní dheachaidh mé fós suas dochum m'athar: achd imhigh romhad dochum mo dhearbhraithreach, agus abair riú, gu bhfhuilim ag dul suás dhochum m'athar, agus dochum bhur natharsa, dochum mo Dhé, agus bhur Ndíasa. |
s-32
| Agus do ghlacadarsan Iósa, agus rugadar léo hé. |
s-33
| Agus tar éis na neitheadhso , doiárr Íoséph on Arimathea noch dhobhí na dhisgiobal ag Iósa, gidheadh gu foluightheach ar eagla na Níuduidheadh ar Philat, corp Iósa do leagadh siós: agus tug Pilát an cead sin do. |
s-34
| féuch, adeirim ribh, tógbhuidh suás bhur súile, agus féuchuidh na reghíon: oír atáid siád geal cheáná dochum an fhoghamhair. |
s-35
| Adubhairt sé na neithese , agus an a dhiáidhsin adubhairt sé riú; atá ar gcara Lasarus na chodladh: achd ataím ag dul dá dhúsachd as a chodladh. |
s-36
| Ag so an dara comhartha dorinne Iósa arís, an tan taínig sé ón Iudéa don Ghalilé. |
s-37
| Adubhairt Martha deirbhshiur an duine mhairbh ris; a thighearna, atá drochbhaladh anois air: oír atáid ceithre lá ó fúair se bás. |
s-38
| Agus ag iomchar a chroiche dhó, dochuáidh sé amach don aít dá ngoirthear aít an chloiginn dárab ainm a neabhra Golgotá: An ar chrochadar hé, agus diás eile na fhochair, duine ar gach dtaobh dhe, agus Iósa ana lár. |
s-39
| Achd an mhéid do ghabh chuca hé, tug sé na cumhachda so dhóibh bheith ana gcloinn ag Dia, eadhón don droing chreideas ann a ainmsean: Nách fuil arna ngeineamhain ó fhuil, na ó ainmián ná colla, ná ó thoil fhir, achd ó Dhía. |
s-40
| Ar anadhbharsin tháinig sé gu cathair Shamaría dá ngoirthear Síchar, laimh ris an bhfearann tug Iacób dhá mhac féin Iósébh. |
s-41
| Dofhreaguir seision, agus adubhairt sé; cia hé, a thighearna, dochum gu gcreidfinn ann? |
s-42
| Uáidh sin suás dobadh mián lé Pilát a leigean fá sgáoil: achd do thógbhadar na Híudaidhe na gáirthe, agá rádh, má leigeann tú an fearso as, ní cara do Chesar thú. |
s-43
| An lá ina dheaghaidh sin arís do sheasaimh Eóin, agus diás dá dheisgioblaibh: Agus ar bhfhaicsin Iósa ag siobhal adubhairt sé; féuch an túan úd Dé. |
s-44
| Dofhoillsigh mé d'ainm dhona dáoinibh thug tú dhamh as an sáoghal: dobudh leatsa iád, agus thug tú dhamhsa iád, agus do choimhédadar do bhriathar. |
s-45
| Ar anadhbharsin an uáir do d'aithin Iósa gu raibhe fúthasan teachd agus breith air dochum riogh dho dhéunamh dhé dochúaidh sé dhá leaththáoibh arís ar an sliabh ina áonar. |
s-46
| Agus do lean buidhean mhór hé, tré gu bhfacadar a chomharthadha dorinne sé ar na dáoinibh éugcruaidhe. |
s-47
| Annsin na Hiudaighe dochum nách anfaidís na cuirp annsa chroich sa tsabboit, do bhríogh gu raibh ullmhughadh na Cásg ann, oír dobadh mór an lálá na sabbóiti sin, d'iarradar ar Philát a luirgne dho bhriseadh agus a dtabhuirt anuas. |
s-48
| Agus dochualadar an dís deisgiobal úd hé ag labhairt, agus do leanadar Iósa. |
s-49
| má shiobhlann duine annsa ló, ní fhaghann sé oilbhéim: oír dochí sé solus an tsáoghailsi? |
s-50
| Muna bheith gu dtaínig mé, agus gur labhuir mé riú, ní bhiadh peacadh orra: achd anois ní fhuil leisgéul a bpeacuidh aca. |
s-51
| An treas easbaidh, do bhí sé uaillmhianach, agus d'á réir sin, do bhí súil aige le meudughadh d'fhaghbháil ó'n droing lér' gríosadh é le scríobhadh go holc ar Éirinn: agus fós, re linn bheith 'na shagart 'na dhiaidh sin dó, do gheall gairm tar ais do dhéanamh ar mhórán do na neithibh maslaightheacha do scríobh ar Éirinn, agus dochluinim go bhfuil sé i gclódh anois re n-a thaisbéanadh i n-Éirinn. |
s-52
| Macha, Mearan, agus Muicneachán a trí tréinfhir. |
s-53
| Mo fhreagradh air ann so gurab é am fa'r thionnsgnadar cliar Éireann an droch-nós soin, i ndiaidh an t-ochtmhadh Henrí do mhalairt a chreidimh, agus, an tan soin féin agus ó sin i leith, ní chleachtadh an droch-nós soin acht an chuid díobh do lean d'á n-ainmhianaibh féin, agus do dhiult do na huachtaránaibh dlightheacha do bhí ós a gcionn. |
s-54
| Gidheadh , adeirthear gurab ó abhainn atá 'san Spáin d'á ngairthear ‘Hiberus’ tugthar ‘Hibernia’ uirre. |
s-55
| Bhur mbocht-chara bithdhíleas go bás, SEATHRÚN CÉITINN. |
s-56
| Do ghabh Gann agus Geanann ríoghacht Éireann ceithre bliadhna, gur eugsad do thámh i bhFréamhainn Mídhe. |
s-57
| Adeirid drong re seanchus gurab díobh na trí haicmeadha so fil i n-Éirinn nach do Gaedhealaibh, eadhon, Gabhraidhe Shuca i gConnachtaibh, Uí Thairsidh i gcrích Ua bhFailghe, agus Gaileoin Laighean. |
s-58
| Tug d'Fhidheach mac Féigh, d'fhearaibh na craoibhe, ó Fhidhic go Luimneach. |
s-59
| Tuig, a léaghthóir, gurab mó, fa dhó nó fa thrí, acra do thomhas na nGaedheal, ioná acra do roinn Gall anois. |
s-60
| An treas mír, eadhon Meadhon Múmhan, is é a fad ó Chnámhchoill go Luachair Dheaghaidh, agus a tarsna ó Shliabh Eibhlinne go Sliabh Caoin. |
s-61
| Trí fichid agus trí céad seisreach fearainn i san triocha chéad amhlaidh sin. |
s-62
| Is breugach adeir , mar an gceudna, go raibhe Murchadh mac Cochlain 'na rígh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna sé bliadhna ar thrí fhichid ar chéad ar mhíle, óir is dearbh gurab é Ruaidhrí Ua Conchubhair do bhí ag gabháil cheannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab cheithre bliadhna ria ngabháltas Gall an uair sin. |
s-63
| Do ronnadh an Mhídhe d'á éis so, le hAodh Oirdnidhe, rí Éireann, idir dhá mhac Donnchaidh mic Dómhnaill, (fá rí Éireann roimh Aodh Oirdnidhe); Conchubhar agus Oilioll a n-anmanna. |
s-64
| Tuig, a léaghthóir, go rabhadar trí heasbadha ar Stanihurst re scríobhadh stáire na hÉireann as ná'r chóir cion stáraidhe do thabhairt air. |
s-65
| Do ríoghaibh Tuaithe Dé Danann ann so, agus d'fhad a bhflaithis ar Éirinn. |
s-66
| Na trí ríogha so do bhíodh i bhflaitheas Éireann gach ré mbliadhain; agus is é ainm mná gach fir díobh do bhíodh ar an oiléan an bhliadhain do bhíodh féin 'na rígh. |
s-67
| An dara nós, an roinn do bhí ar an bhfearann idir na comhmbráithribh, d'á ngairid Gaill ‘gabháil cinidh,’ mar a ndéantaoi mion-roinn idir na comhmbráithribh ar an bhfearann. |
s-68
| Adeir arís gurab ionann ‘caomhán’ agus láidir, agus gurab uaidh adeirthear Caomhánaigh. |
s-69
| Is uime do mheas Hanmer Breathnach do dhéanamh do Chomhghall, do bhrígh gurab é Comhghall do thógaibh Mainistir Bheannchair i n-Áird Uladh, fá máthair do mhainistreachaibh Eorpa uile, agus gur thógaibh mainistir eile i Sacsaibh, láimh re Uestchester, d'á ngairthear Bangor: agus dá dteagmhadh do Hanmer a chur i gcéill do'n léaghthóir gur Bhreathnach Comhghall, go gcuirfeadh d'á réir sin i gcéill, gach oirdhearcas d'á bhfuil ar mhainistir Bheannchair Uladh do dhul i gclú do Bhreathnachaibh a los Chomhghaill do bheith dhíobh, nó gach clú d'ár thuill Beannchar Uladh go gcuirfidhe i leith na mainistreach atá i Sacsaibh darab ainm Bangor í. |
s-70
| Adeir gurab ó Ursula, nó FitzUrsula , sloinneadh áta i Sacsaibh, táinig Mac Mathghamhna, agus gurab ionann ‘Ursula’ agus ‘Beare,’ agus gurab ionann ‘Beare’ agus mucgamhain nó macgamhain, agus d'á réir sin gurab ó'n tigh thall táinig Mac Mathghamhna Uladh. |
s-71
| Anmann ceathrair ceart ro chinn, Dofhágaibh Dia fo dhílinn Fionntain, Fearón, Fors caomh cóir, Agus Andóid mac Eathóir. |
s-72
| Do chraobhscaoileadh an triair mac soin ór' geineadh an dá chinéal deug agus trí fichid do bhí ag tógbháil an tuir. |
s-73
| Siodhmall mac Cairbre chruim, mic Ealcmhair, mic Dealbhaoith. |
s-74
| Óir ní fhuil stáraidhe ó shoin i leith d'á scríobhann uirre nach ag iarraidh lochta agus toibhéime do thabhairt do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedealaibh bhíd. |
s-75
| An beagán d'Fhearaibh Bolg teurna as an gcath so, do chuadar ar teitheadh ré Tuathaibh Dé Danann, gur háitigheadh riu Árainn, Íle, Reachrainn, Inse Gall, agus iomad oiléan ar cheana, agus do chomhnuigh siad ionnta go haimsir na gcúigeadhach do bheith i bhflaitheas Éireann, gur dhíbirsiod na Cruithnigh, eadhon ‘Picti,’ as na hoiléanaibh sin iad, go dtángadar d'fhios Chairbre Niadhfir, rí Laighean, go bhfuairsiod fearann ar ghabháltas uaidh. |
s-76
| Nach é an truaigh é? |
s-77
| Bhíos ag cuimilt mo shúl agus ag ceapadh néal beag eile bheith agam, nuair a buaileadh an fhuinneóg a bhí lem' ais go haireach le slait. |
s-78
| Acht céard tá orm go bhfuil na smaointe seo ag teacht chugam i lár na hoidhche agus beithidhigh an fhir bhig bhuidhe ag búirthíl ar nós na ndiabhal lem' ais? |
s-79
| Mo thruaigh é anocht! |
s-80
| Bhí canna mór leanna taobh thiar dhíom. |
s-81
| Feicim cuid mhaith de mo lucht aitheantais ar na sráidibh. |
s-82
| Bhí seacht ndiabhail déag ag ithe mo chroidhe-se, agus má bhí duine ann ariamh a bhí ceaptha agus lán-cheaptha ar dhúnmharbhadh a dhéanamh, ba mise an duine sin. |
s-83
| Gach smathamh a bhuaileas na billeóga feósaidhe, déanann siad torann aisteach mar bheadh glugar an bháis ann. |
s-84
| Agus nuair a thosuighidís ag gabháil a leithsgéil, thosuighinn ag easgaine orra, agus ag tabhairt na mionn. |
s-85
| Chuala na daoine a bhí amuigh 'san bpáirc an gleó. |
s-86
| 'Bíodh fiadhnaidhthe againn,' ar seisean, 'go bhfuil sise sásta eisean a phósadh.' |
s-87
| Bhain mé as, agus dhá mbeadh eochair na bhflaitheas in mo phóca, ní fhéadfadh níos mó luthgháire a bheith orm. |
s-88
| Dhearc sí go grádhmhar orm. |
s-89
| Bhí seómra mór millteach ar cíos aige, agus bhí cead ag Éireannach ar bith bualadh isteach ann. |
s-90
| Nuair a shíl sí sin a dhéanamh (ní raibh fhios agam-sa go raibh sí le n-a dhéanamh mar bhí na súile dúnta agam), chuireas cosamhlacht fhíochmhar orm féin, leigeas dhá bhúirt uathbhásach' asam, mar leigfeadh tarbh agus an sgian ar a sgórnach, agus thosuigheas ag cur na gcor dhíom ar nós eascon a bheadh i ngreim glaice ag duine. |
s-91
| Tá sé féin sásta léithi freisin. |
s-92
| Gach uile dhuine ag cur a ladair fhéin isteach. |
s-93
| Thug an bhean eile aghaidh orm-sa. |
s-94
| Do dhéanfá iarracht mé sgaradh ó'n bhfear beag buidhe, nach ndéanfá? |
s-95
| Fear foghlumtha atá ann; ba mhór le rádh é, lá, dubhradh, acht cuireadh cúig bliadhna príosúntacht' air, agus nuair a tháinic sé ní raibh sé i n-an' aon cheó a dhéanamh, acht cuireann dearbhráthair leis deich bhfichead 'san tseachtmhain chuige gach Satharn. |
s-96
| Ní raibh truaigh ar bith agam dhi. |
s-97
| Leis an gcaoi a raibh an ghrian ag soillsiughadh orra, shílféa go raibh an-mheidhir orra. |
s-98
| Is beag de'n airgead bhéas fágtha ag ceachtar againn thar éis na hoidhche agus is cuma linn do réir cosamhlachta. |
s-99
| Ní bheadh acht a leath agam marach gur chailleas lúth mo ghéag. |
s-100
| Go sábháilidh Dia sinn! |
s-101
| 'Dhíolas cuid aca, agus do cheannuigheas cuid eile aca,' arsa Séamas. |