Dependency Tree

Universal Dependencies - Irish - Cadhan

LanguageIrish
ProjectCadhan
Corpus Parttest
AnnotationScannell, Kevin

Select a sentence

Showing 1 - 100 of 193 • previousnext

s-1 An naomhadh la fichiod .i. dia satharn.
s-2 Táid sgeachóirighe, sgeachóirighe muc agus caor dubh an chrannla, tuir luathfáis ann fós.
s-3 Bhamar ag tabhairt mine buidhe amach andiu ar tri leath-phinginighe an pota: ta spirid na nGaodhal briste sios go mor: trosga.
s-4 A thigh dochuimseach fein, agus gach spiorad, maith is olc, bhfuil ann!
s-5 Maidin breagh, chomh bog le la abráin: na druideana go calaoideach ar crannaibh ag Cúirt an Fuite na sgataibh.
s-6 Ar tteacht abhaile dhom um cronughadh lae, bhí cuma feargach ar an speir, le neulta dubha dearga ruadha agus forruadha, le h-anfa aniar.
s-7 Thangas abhaile air mo socracht.
s-8 Fuaras an dréimire Muire faoi blaith liathdhearg ann, agus an feoran curraigh 's na moinfhearthuighibh.
s-9 Bhi seana-chapall trucaile leathchaoch corptruagh crubtrom stagach, agus cingire coiriceach ciardhubh, .i. Micheal Ua Cuidithe, mar ghiolla againn.
s-10 Ta cios, cana, deachmhadh, sraith contae agus teampuill róthrom, agus ni fuláir a mbeith an faid bheidh an fiach righe, .i. an fiac Sasanach, .i. an fiach do thosadh Rig Uilliam do chur ar an righeacht chum an creidimh gallda do chongbhail suas, agus an creidimh caitliceach do chur sios.
s-11 Nior chualas guth na cuaiche fós.
s-12 Seo suas Ó Ceallaigh, agus, o nach raibh 'fhios aige cia bhuail é, chrom se ag rúsgadh gac nduine thárla 'na shlighe, agus thug leadhab do Sean Ó Athiaruin, duine uasal óg, noch do thug liudradh breagh 'n-a ionad, ag cur preabán dubh ar a shúilín easóige.
s-13 Nior seasadh an sonnadh gaoithe se acht cuig moimeint, agus is maith do muintir Callain nachar sheasadh, oir nior chualasa a leitheid eile ariamh, ach aon anfa amhain eile.
s-14 Amhail na h-éin leis an ccat, bionn an duine bocht leis an tioranach, an uair airigheann se é féin saor o n-a thíoranacht.
s-15 Do bhí si gan urlabhra gur ghlaoidh na coilighe d'eis meadon oidhche, an tan fuair a hurlabhra; agus annsin caill si luth a coise noch do bhí chomh fuar le leacoidhre .
s-16 Do sheid an gaoth go ciuin tre folt an fanuighe faon, ag nochtadh muineal chom geal le h-ala ar linn.
s-17 Is iomadh bliaghain fada mín direach caitheas fein agus m'athair ag munadh sgoile san bothán so, agus ag bothan bala fidín eile rod beag níos ag crann Cilldaluadh , agus ag tig maith sgoile a mBaile Ui Caoimh, laimh le Croc na Caruige; acht foraoir!
s-18 An seiseadh la deag .i. luan Casga no la na comhoboige.
s-19 Teidheadh an smólach amach gach la agus tugadh asteach lei i n-a gob brobh feir, tar eis e thomadh i rianán uisge, bhí laimh leis an ttigh, agus do rinn an nidín cluthar cruinn di fein san feoilchiste, ait a mbiodh sbrúileach agus blodhairighe arain le fail aici.
s-20 Is aoibhin saoghal doibh muna déirc é a dheire.
s-21 Ag teacht abhaile dhom tar Droichead na nGabhar chualas air gach taoib díom an smolach, an fuiseog, agus gac einín bin eile ag ceileabhradh da cheile.
s-22 fheadar an í bainrioghan na bruighne do thóg an stoirm, agus chuir an fraoch feargach so ar aigheadh neimhe, i ttaobh me baint le caonach a leapthann, agus bolgan beicighe a h-iomhadh.
s-23 Táid creabhair go leor fós.
s-24 Inneosad féin sin duit.
s-25 Go ttugadh Dia Odlaig mhaith dhúinn faoi shéan agus faoi shonas.
s-26 Adubhairt Símón Peadar ris, a thighearna, hiád chosa amhaín, achd mo lámha agus cheann mar an gcédna.
s-27 ar a sonsan amháin doním guidhe, achd mar an gcéudna ar son na ndáoine chreidfios ionnam, tré na mbreithirsean: Dochum gu mbéidís uile náon, mar atá tusa a athuir ionnamsa, agus meisi ionnadsa: dochum gu mbéidision mar an gcédna na naon ionnuinne: dochum gu gcreidfeadh an sáoghal, gurab tusa dho chuir uáit mhé.
s-28 Adubhairt so gu fírinneach.
s-29 Agus as so an bheatha mharrthanach, gu mbeath a fhios aca tusa amháin do bheith: ad Dhía fhírinneach agus an dho chuir uáit Iósa Críosd.
s-30 Agus adubhairt seision riú, muna fhaice meisi lorg na dtairrngeadh ana lámhuibh, agus muna gcuire mo mhéur a náit na dtairngeadh, agus muna chuire mo lámh ina tháobh, chreidfe sin.
s-31 Adubhairt Íosa ría, bean rium: oír dheachaidh fós suas dochum m'athar: achd imhigh romhad dochum mo dhearbhraithreach, agus abair riú, gu bhfhuilim ag dul suás dhochum m'athar, agus dochum bhur natharsa, dochum mo Dhé, agus bhur Ndíasa.
s-32 Agus do ghlacadarsan Iósa, agus rugadar léo .
s-33 Agus tar éis na neitheadhso , doiárr Íoséph on Arimathea noch dhobhí na dhisgiobal ag Iósa, gidheadh gu foluightheach ar eagla na Níuduidheadh ar Philat, corp Iósa do leagadh siós: agus tug Pilát an cead sin do.
s-34 féuch, adeirim ribh, tógbhuidh suás bhur súile, agus féuchuidh na reghíon: oír atáid siád geal cheáná dochum an fhoghamhair.
s-35 Adubhairt na neithese , agus an a dhiáidhsin adubhairt riú; atá ar gcara Lasarus na chodladh: achd ataím ag dul dhúsachd as a chodladh.
s-36 Ag so an dara comhartha dorinne Iósa arís, an tan taínig ón Iudéa don Ghalilé.
s-37 Adubhairt Martha deirbhshiur an duine mhairbh ris; a thighearna, atá drochbhaladh anois air: oír atáid ceithre ó fúair se bás.
s-38 Agus ag iomchar a chroiche dhó, dochuáidh amach don aít ngoirthear aít an chloiginn dárab ainm a neabhra Golgotá: An ar chrochadar , agus diás eile na fhochair, duine ar gach dtaobh dhe, agus Iósa ana lár.
s-39 Achd an mhéid do ghabh chuca , tug na cumhachda so dhóibh bheith ana gcloinn ag Dia, eadhón don droing chreideas ann a ainmsean: Nách fuil arna ngeineamhain ó fhuil, na ó ainmián colla, ó thoil fhir, achd ó Dhía.
s-40 Ar anadhbharsin tháinig gu cathair Shamaría ngoirthear Síchar, laimh ris an bhfearann tug Iacób dhá mhac féin Iósébh.
s-41 Dofhreaguir seision, agus adubhairt ; cia , a thighearna, dochum gu gcreidfinn ann?
s-42 Uáidh sin suás dobadh mián Pilát a leigean sgáoil: achd do thógbhadar na Híudaidhe na gáirthe, agá rádh, leigeann an fearso as, cara do Chesar thú.
s-43 An ina dheaghaidh sin arís do sheasaimh Eóin, agus diás dheisgioblaibh: Agus ar bhfhaicsin Iósa ag siobhal adubhairt ; féuch an túan úd .
s-44 Dofhoillsigh d'ainm dhona dáoinibh thug dhamh as an sáoghal: dobudh leatsa iád, agus thug dhamhsa iád, agus do choimhédadar do bhriathar.
s-45 Ar anadhbharsin an uáir do d'aithin Iósa gu raibhe fúthasan teachd agus breith air dochum riogh dho dhéunamh dhé dochúaidh dhá leaththáoibh arís ar an sliabh ina áonar.
s-46 Agus do lean buidhean mhór , tré gu bhfacadar a chomharthadha dorinne ar na dáoinibh éugcruaidhe.
s-47 Annsin na Hiudaighe dochum nách anfaidís na cuirp annsa chroich sa tsabboit, do bhríogh gu raibh ullmhughadh na Cásg ann, oír dobadh mór an lálá na sabbóiti sin, d'iarradar ar Philát a luirgne dho bhriseadh agus a dtabhuirt anuas.
s-48 Agus dochualadar an dís deisgiobal úd ag labhairt, agus do leanadar Iósa.
s-49 shiobhlann duine annsa , fhaghann oilbhéim: oír dochí solus an tsáoghailsi?
s-50 Muna bheith gu dtaínig , agus gur labhuir riú, bhiadh peacadh orra: achd anois fhuil leisgéul a bpeacuidh aca.
s-51 An treas easbaidh, do bhí uaillmhianach, agus d'á réir sin, do bhí súil aige le meudughadh d'fhaghbháil ó'n droing lér' gríosadh é le scríobhadh go holc ar Éirinn: agus fós, re linn bheith 'na shagart 'na dhiaidh sin , do gheall gairm tar ais do dhéanamh ar mhórán do na neithibh maslaightheacha do scríobh ar Éirinn, agus dochluinim go bhfuil i gclódh anois re n-a thaisbéanadh i n-Éirinn.
s-52 Macha, Mearan, agus Muicneachán a trí tréinfhir.
s-53 Mo fhreagradh air ann so gurab é am fa'r thionnsgnadar cliar Éireann an droch-nós soin, i ndiaidh an t-ochtmhadh Henrí do mhalairt a chreidimh, agus, an tan soin féin agus ó sin i leith, chleachtadh an droch-nós soin acht an chuid díobh do lean d'á n-ainmhianaibh féin, agus do dhiult do na huachtaránaibh dlightheacha do bhí ós a gcionn.
s-54 Gidheadh , adeirthear gurab ó abhainn atá 'san Spáin d'á ngairthear Hiberus tugthar Hibernia uirre.
s-55 Bhur mbocht-chara bithdhíleas go bás, SEATHRÚN CÉITINN.
s-56 Do ghabh Gann agus Geanann ríoghacht Éireann ceithre bliadhna, gur eugsad do thámh i bhFréamhainn Mídhe.
s-57 Adeirid drong re seanchus gurab díobh na trí haicmeadha so fil i n-Éirinn nach do Gaedhealaibh, eadhon, Gabhraidhe Shuca i gConnachtaibh, Thairsidh i gcrích Ua bhFailghe, agus Gaileoin Laighean.
s-58 Tug d'Fhidheach mac Féigh, d'fhearaibh na craoibhe, ó Fhidhic go Luimneach.
s-59 Tuig, a léaghthóir, gurab , fa dhó fa thrí, acra do thomhas na nGaedheal, ioná acra do roinn Gall anois.
s-60 An treas mír, eadhon Meadhon Múmhan, is é a fad ó Chnámhchoill go Luachair Dheaghaidh, agus a tarsna ó Shliabh Eibhlinne go Sliabh Caoin.
s-61 Trí fichid agus trí céad seisreach fearainn i san triocha chéad amhlaidh sin.
s-62 Is breugach adeir , mar an gceudna, go raibhe Murchadh mac Cochlain 'na rígh ar Éirinn an tan haois do'n Tighearna bliadhna ar thrí fhichid ar chéad ar mhíle, óir is dearbh gurab é Ruaidhrí Ua Conchubhair do bhí ag gabháil cheannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab cheithre bliadhna ria ngabháltas Gall an uair sin.
s-63 Do ronnadh an Mhídhe d'á éis so, le hAodh Oirdnidhe, Éireann, idir dhá mhac Donnchaidh mic Dómhnaill, ( Éireann roimh Aodh Oirdnidhe); Conchubhar agus Oilioll a n-anmanna.
s-64 Tuig, a léaghthóir, go rabhadar trí heasbadha ar Stanihurst re scríobhadh stáire na hÉireann as ná'r chóir cion stáraidhe do thabhairt air.
s-65 Do ríoghaibh Tuaithe Danann ann so, agus d'fhad a bhflaithis ar Éirinn.
s-66 Na trí ríogha so do bhíodh i bhflaitheas Éireann gach mbliadhain; agus is é ainm mná gach fir díobh do bhíodh ar an oiléan an bhliadhain do bhíodh féin 'na rígh.
s-67 An dara nós, an roinn do bhí ar an bhfearann idir na comhmbráithribh, d'á ngairid Gaill gabháil cinidh, mar a ndéantaoi mion-roinn idir na comhmbráithribh ar an bhfearann.
s-68 Adeir arís gurab ionann caomhán agus láidir, agus gurab uaidh adeirthear Caomhánaigh.
s-69 Is uime do mheas Hanmer Breathnach do dhéanamh do Chomhghall, do bhrígh gurab é Comhghall do thógaibh Mainistir Bheannchair i n-Áird Uladh, máthair do mhainistreachaibh Eorpa uile, agus gur thógaibh mainistir eile i Sacsaibh, láimh re Uestchester, d'á ngairthear Bangor: agus dteagmhadh do Hanmer a chur i gcéill do'n léaghthóir gur Bhreathnach Comhghall, go gcuirfeadh d'á réir sin i gcéill, gach oirdhearcas d'á bhfuil ar mhainistir Bheannchair Uladh do dhul i gclú do Bhreathnachaibh a los Chomhghaill do bheith dhíobh, gach clú d'ár thuill Beannchar Uladh go gcuirfidhe i leith na mainistreach atá i Sacsaibh darab ainm Bangor í.
s-70 Adeir gurab ó Ursula, FitzUrsula , sloinneadh áta i Sacsaibh, táinig Mac Mathghamhna, agus gurab ionann Ursula agus Beare, agus gurab ionann Beare agus mucgamhain macgamhain, agus d'á réir sin gurab ó'n tigh thall táinig Mac Mathghamhna Uladh.
s-71 Anmann ceathrair ceart ro chinn, Dofhágaibh Dia fo dhílinn Fionntain, Fearón, Fors caomh cóir, Agus Andóid mac Eathóir.
s-72 Do chraobhscaoileadh an triair mac soin ór' geineadh an chinéal deug agus trí fichid do bhí ag tógbháil an tuir.
s-73 Siodhmall mac Cairbre chruim, mic Ealcmhair, mic Dealbhaoith.
s-74 Óir fhuil stáraidhe ó shoin i leith d'á scríobhann uirre nach ag iarraidh lochta agus toibhéime do thabhairt do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedealaibh bhíd.
s-75 An beagán d'Fhearaibh Bolg teurna as an gcath so, do chuadar ar teitheadh Tuathaibh Danann, gur háitigheadh riu Árainn, Íle, Reachrainn, Inse Gall, agus iomad oiléan ar cheana, agus do chomhnuigh siad ionnta go haimsir na gcúigeadhach do bheith i bhflaitheas Éireann, gur dhíbirsiod na Cruithnigh, eadhon Picti, as na hoiléanaibh sin iad, go dtángadar d'fhios Chairbre Niadhfir, Laighean, go bhfuairsiod fearann ar ghabháltas uaidh.
s-76 Nach é an truaigh é?
s-77 Bhíos ag cuimilt mo shúl agus ag ceapadh néal beag eile bheith agam, nuair a buaileadh an fhuinneóg a bhí lem' ais go haireach le slait.
s-78 Acht céard orm go bhfuil na smaointe seo ag teacht chugam i lár na hoidhche agus beithidhigh an fhir bhig bhuidhe ag búirthíl ar nós na ndiabhal lem' ais?
s-79 Mo thruaigh é anocht!
s-80 Bhí canna mór leanna taobh thiar dhíom.
s-81 Feicim cuid mhaith de mo lucht aitheantais ar na sráidibh.
s-82 Bhí seacht ndiabhail déag ag ithe mo chroidhe-se, agus bhí duine ann ariamh a bhí ceaptha agus lán-cheaptha ar dhúnmharbhadh a dhéanamh, ba mise an duine sin.
s-83 Gach smathamh a bhuaileas na billeóga feósaidhe, déanann siad torann aisteach mar bheadh glugar an bháis ann.
s-84 Agus nuair a thosuighidís ag gabháil a leithsgéil, thosuighinn ag easgaine orra, agus ag tabhairt na mionn.
s-85 Chuala na daoine a bhí amuigh 'san bpáirc an gleó.
s-86 'Bíodh fiadhnaidhthe againn,' ar seisean, 'go bhfuil sise sásta eisean a phósadh.'
s-87 Bhain as, agus dhá mbeadh eochair na bhflaitheas in mo phóca, fhéadfadh níos luthgháire a bheith orm.
s-88 Dhearc go grádhmhar orm.
s-89 Bhí seómra mór millteach ar cíos aige, agus bhí cead ag Éireannach ar bith bualadh isteach ann.
s-90 Nuair a shíl sin a dhéanamh ( raibh fhios agam-sa go raibh le n-a dhéanamh mar bhí na súile dúnta agam), chuireas cosamhlacht fhíochmhar orm féin, leigeas dhá bhúirt uathbhásach' asam, mar leigfeadh tarbh agus an sgian ar a sgórnach, agus thosuigheas ag cur na gcor dhíom ar nós eascon a bheadh i ngreim glaice ag duine.
s-91 féin sásta léithi freisin.
s-92 Gach uile dhuine ag cur a ladair fhéin isteach.
s-93 Thug an bhean eile aghaidh orm-sa.
s-94 Do dhéanfá iarracht sgaradh ó'n bhfear beag buidhe, nach ndéanfá?
s-95 Fear foghlumtha atá ann; ba mhór le rádh é, , dubhradh, acht cuireadh cúig bliadhna príosúntacht' air, agus nuair a tháinic raibh i n-an' aon cheó a dhéanamh, acht cuireann dearbhráthair leis deich bhfichead 'san tseachtmhain chuige gach Satharn.
s-96 raibh truaigh ar bith agam dhi.
s-97 Leis an gcaoi a raibh an ghrian ag soillsiughadh orra, shílféa go raibh an-mheidhir orra.
s-98 Is beag de'n airgead bhéas fágtha ag ceachtar againn thar éis na hoidhche agus is cuma linn do réir cosamhlachta.
s-99 bheadh acht a leath agam marach gur chailleas lúth mo ghéag.
s-100 Go sábháilidh Dia sinn!

Text viewDownload CoNNL-U