s-103
| 'Ní haon droch-chuimhneamh é sin,' arsa an fear eile agus do stop sé chun a scíth a ligean ar feadh tamaill. |
s-104
| 'Ní fhaca mé tada, adeir an dall, ná níor dhúirt mise tada, adeir an balbhán,' adeir Darach. |
s-105
| Tharraing Conradh na Gaeilge ollchruinniú agóide ag éileamh go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis na teangacha eile sa chóras meánscolaíochta. |
s-106
| Cheapfá ar dtús nach n-aireofá ar do chloigeann í, ach bheadh a fhios agat dá laghad suarach gortach í go raibh sí ann in áit eicínt, agus gur ceist eile fós í d'ualach géagach na croise a chaithfí a iompar. |
s-107
| Chuaigh sé abhaile nuair a bhí an cóisir thart. |
s-108
| 'Is ea,' ar seisean. |
s-109
| ! |
s-110
| Troideadh an cás i nGaeilge os comhair an Bhreithimh Peter Kelly agus cheadaigh seisean toirmeasc a chuireann cosc ar Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí, atá ag glacadh an cháis thar ceann an Gharda, a chuireann cosc air an cás a chur chun na Cúirte Dúiche go dtí go n-éistfear leis an chás iomlán san Ard-Chúirt. |
s-111
| Bhí Tomás Óg bailithe leis go Meiriceá siar, Cáit imithe chun a pósta ar Thomás Ó Maoileoin sa Dún Mór. |
s-112
| (5) Beidh cóip a thugann le tuisgint gur cóip í do clóbhuaileadh agus do foillsíodh ag an gComhairle no don Chomhairle fén alt so den chlár de dhochtúirí leighis a bheidh de thurus na huaire ar an gclár de dhochtúirí leighis is déanaí do clóbhuaileadh agus do foillsíodh amhlaidh, beidh an chóip sin ina fianaise in aon chúirt, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar gach éinne go bhfuil a ainm iontrálta sa chlár san de dhochtúirí leighis do bheith cláruithe sa chlár fén Acht so agus dá réir agus ar éinne ná fuil a ainm iontrálta sa chlár san de dhochtúirí leighis do bheith gan bheith cláruithe amhlaidh. |
s-113
| Tháinig an t-amhras chun tosaigh tar éis gur chuidigh an tÚdarás, dhá bhliain ó shin, le grúpa a bhí ag iarraidh scéim tithiochta sóisialta a thosú. |
s-114
| Tá bailiúchán crann is tor ann chomh maith ó thíortha ar fud an domhain. |
s-115
| Agus ón uair a chuir mé mo chos thar tairseach na Cultúrlainne ag a sé a' chlog tráthnóna, caitheadh go hiontach liom agus mhothaigh mé sa bhaile i measc mo chomhghael Feirsteach. |
s-116
| Tá an eaglais ar cheann de na comharthaí seó i nDún na nGall, é suite ar bhruch Loch Dhún Lúiche faoin Earagal. |
s-117
| Aithníonn sé go mbeidh ollfhadhbanna ag institiúidí na hEorpa nuair a chuirtear le líon na mballstát. |
s-118
| Tháinig an féar glas ann Mar bhrat faoi chosa aingeal A thuirling ann go haicillí. |
s-119
| 'B'fhéidir go mbeadh uibheacha áil agat féin an t-earrach seo chugainn,' a dúirt sí. |
s-120
| Bíodh nó ná bíodh. |
s-121
| Aonach a' Phoic Duine a bheadh ag ceannach capaill ní dhéanfadh sé margadh le tincéirí ar eagla go mbuailfí bob air faoi mar a buaileadh ar Phádraig Bán ar Aonach a' Phoic i gCill Orglan uair. |
s-122
| Rinneadh taibhreamh an oíche chéanna dúinn araon, domsa agus dósan, agus bhí a chiall féin do gach duine ina thaibhreamh féin. |
s-123
| D'fhan sé ansin inné. |
s-124
| An rud a bhí ar intinn agam a dhéanamh ná post a fháil agus freastal ar an ollscoil san oíche. |
s-125
| Ar dheis ansin fríd an Eastát Tionsclaíocha. |
s-126
| Bhain sin preab asainn agus an bheirt againn i ndíg ag faire air. |
s-127
| Ar an gcéad dul síos, cuireann an gnás seo in iúl an ceangal idir barr na bliana seo caite agus barr na bliana nua; is cur i láthair í de thimthriall na beatha. |
s-128
| Níor ghlac na Curdaigh leis an gcinneadh sin agus leanadar ag éirí amach go ceann fiche bliain go dtí go raibh ar a gcinnire, Mustafa Barzaní, teicheadh. |
s-129
| An bhfuil cead agam mo chéad cheist a chur: Cé hiad féin agus céard a tharlós dóibh? |
s-130
| Do thuairimíocht faoi do chuairt go hIarthar Bhéal Feirste? |
s-131
| A Dhochtúir Van Helsing, má thagann a chothrom de chaoi i do chomhair agus a tharla i gcás Laoise, beidh mé ag brath ort go bhfágfaidh tú mar shuairc-chuimhne ag m'fhear i gcaitheamh a shaoil gurbh é a dheaslámh féin a shaor a bhanchéile mhuirneach ón mám millteach a bhí uirthi. |
s-132
| 'Athrá - Nuair a úsáideann an file an focal céanna, nó an frása céanna, cúpla uair i ndiaidh a chéile tugtar athrá air sin. |
s-133
| Cuirfidh mé bréid mar is ceart amárach uirthi - ceann a rachas thart ar chaol do láimhe. |
s-134
| Mínigh an chaoi a dtéann a gcuid suíomh chun tairbhe dá gcuid feidhmeanna. |
s-135
| Ní raibh ar a pholl thiar. |
s-136
| CATHAIR NUA Le dhá ghlúin anuas, tá pobal Gaeilge Bhéal Feirste ag obair go dúthrachtach le hinfrastruchtúr pobail a thógáil. |
s-137
| Ní raibh ach 24 ina gcónaí ann i 1991 ach bíonn Clann Mc Ewen ag déanamh fógraíochta ag iarraidh teaghlaigh a mhealladh chun an oileáin. |
s-138
| 'File cumasach eile ab ea Dónall Ó Muláin, údar an amhráin úd' An Poc ar Buile ', amhrán go raibh báidh an phobail leis, agus amhrán a chan Gaeilgeoirí le fuinneamh, le scléip agus le gliondar ní hamháin ar fuaid na hÉireann, ach go deimhin ar fuaid an domhain. |
s-139
| Tugann An Seabhac éachtaint bhreise dúinn san alt chéanna ar cén sórt comhairle í. |
s-140
| 'Níor ghá ach sracfhéachaint ar an ealaín a bhí ar siúl ag Comhdháil Vín go dtuigfí go raibh sé féin i mála an tsnátha ghil anois. |
s-141
| Mar a tchítear do Sheosamh Mac Grianna é caithfidh an t-ealaíontóir an solas a thabhairt don saol agus diúltú do chathú sin na truaillíochta a chuireann an saol ina chosán. |
s-142
| 'Troy anseo. |
s-143
| An t-ionad? |
s-144
| Grainc a thagas ann, i.e. ina éadan nuair a ghortaítear é nó nuair a bhíos pian air. |
s-145
| Agus bhuail lacha bhuí leo. |
s-146
| Déanann siad poll a thochailt ansin agus beireann siad a gcuid uibheacha sa ghaineamh le haghaidh a ngoradh. |
s-147
| Dúirt sé nár múinteoir é. |
s-148
| Ní mheastar go mbaineann an t-eolas breise a lorgaíodh le gné ar bith den obair theicniúil a bhaineann le tógáil an stáisiúin agus níl fáth ar bith nach mbeadh cead foirmiúil le fáil ag deireadh na míosa seo nó go luath an mhí seo chugainn. |
s-149
| Dhiúltaigh Johnathan Cape agus cúpla foilsitheoir eile an leabhar a fhoilsiú agus bhí Naomi le ceangal go raibh srian a chur ar a cuid tuairimíochta. |
s-150
| Bhí an máistir ar cuairt ar an mBuailtín tar éis dó an scoilbhliain a chríochnú sa chathair. |
s-151
| Níor cúisíodh duine ar bith ina mharú. |
s-152
| Grianghraif le Maidhc Ó Seachnasaí. |
s-153
| Is é sin an córas 'liosta'. |
s-154
| Dhéanadh sé an turas seo uair in aghaidh na míosa chun roinnt ama a chaitheamh lena iníon, Siobhán, agus leis na leanaí. |
s-155
| Meabhraítear dhá arcaitíopa Mháire dúinn arís, 'fear sanntach saoghalta agus fear fial fileamhanta', (1942, 5) a luaigh mé i gCaibidil 1. |
s-156
| Tá an teicníocht inste a roghnaíonn sé thar a bheith éifeachtach. |
s-157
| Bhí leidí fánacha den chineál céanna le sonrú roimhe sin i scéalta ar nós 'Leatrom na Cinniúna', 'Mac Rí na nDeachmann' agus 'Gan Murcha gan Manas' (Idir Shúgradh agus Dáiríre) agus in 'Tnúthán an Dúchais' agus 'Ag Dul ar Aghaidh' (An Braon Broghach). |
s-158
| Seachas na foclóirí, ní heol dom a mhacasamhail seo de dhéantús lenár linn ach An Bíobla Naofa, agus féach gur oiriúnach ar fad gurb é Fear an Leabhair úd Pádraig Ó Fiannachta atá faoi ómós mar Fhear an Leabhair seo anois: an dara bíobla, dá n-abrainn é. |
s-159
| Tagann a ráiteas tar éis don chomhlacht a rá le hoibrithe an iarnróid mí ó shin go raibh sí le dúnadh: 'Chuamar ag cruinniú i mBaile Átha an Rí agus dúirt an bhainistíocht linn ansin go raibh deireadh leis an tseirbhís lasta agus go raibh baol ann dár bpostanna,' a deir Pat McDonagh, oibrí ar an líne le 25 bliain anuas. |
s-160
| Tá sé ina chodladh. |
s-161
| Is leabhar a thug sí do Mháire. |
s-162
| Níor chuir sin aon imní orm. |
s-163
| Amach leis gur rug sé ar thacsaí. |
s-164
| Is é a tharla ná gur cuireadh an dlí ar Burton agus iarradh uirthi a ráiteas a tharraingt siar. |
s-165
| 'CÉIMÍOCHT: Páistí Naíscoil an Lóiste Úir atá ag dul isteach i rang 1 Bunscoil Mhic Reachtain i mbliana. |
s-166
| Ba leor an teoiric seo i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta ar feadh dhá chéad bliain ach bhí sí fabhtach chun cur síos ar ghluaisní le luas gar do luas an tsolais nó le feiniméin ar scála idir-réaltach. |
s-167
| Imíonn sí suas chuig an staighre agus fuadar fútha. |
s-168
| (postas níos mó). |
s-169
| B'fhearr dúinn imeacht isteach a Tom. |
s-170
| Le roinnt seachtainí anois, tá an Ball Oinigh le haghaidh Hartlepoole ag scríobh leis go scríobach faoi cheist an tuaiscirt san iris chlúiteach sin GQ (murab ionann agus GI ach sin scéal eile). |
s-171
| Do bhain seacht croitheadh as láimh na mná fónta agus do phreab 'on teallach agus do chuir chuin gnótha é. |
s-172
| Rinne an fear comharthaí agus é ag labhairt ionas go dtuigfí a scéal. |
s-173
| Tá feabhas éigin ag teacht ar chúrsaí. |
s-174
| É liath nó bán nó donn. |
s-175
| Molaim a gcuid iarrachtaí sa ghnó fhiúntach sin ach bhí easpa ina gcuid oibre, sa dóigh is gur cuireadh béim láidir ar ghnéithe éagsúla den Eaglais. |
s-176
| Níor labhair. |
s-177
| Ba ghearr gur fhás drochiontaoibh Kitchener - eisean ina Ard-Cheannasaí agus ina Mharascal Machaire san fheachtas sin - ina fuath dearg do Churchill, agus vice versa go cruinn. |
s-178
| An mothaíonn tú sábháilte? |
s-179
| Duine fíorthuisceanach é Ciarán a thug faoi deara go luath buanna Chaitlín Maude. |
s-180
| Gearrtheideal agus comhlua. |
s-181
| Bhí sí ar buille agus ar mire. |
s-182
| 'Beo! |
s-183
| Chuir an Síneach isteach sa chomhrá go tapa. |
s-184
| Ghlac aintín a máthar, Bean Uí Eidhin, as Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, cúram na beirte chuici féin. |
s-185
| Cuireadh tús leis na ranganna ag Bishopsgate Institute ar 7 Deireadh Fómhair. |
s-186
| Nuair a chuir sé aithne ar Bhreandán Ó hEithir ní raibh aon easpa ábhar cainte orthu - Sonny ag fiafraí de Bhreandán an raibh aithne aige ar a leithéid seo nó siúd agus Breandán ag inseacht dó: Thug foilsiú Lig Sinn i gCathú seanchairde Bhreandáin i nGaillimh le chéile agus rinneadh go leor cainte faoi na seanáiteanna atá luaite sa leabhar ach atá imithe ó shin. |
s-187
| taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a thugann luach do dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta obair ar taispeáint. |
s-188
| Is gnáthach leis an dTaoiseach, Bertie Ahern, tamall de laethanta a chaitheamh san óstán seo gach bliain agus thug sé cúpla lá ann le déanaí. |
s-189
| Is teicneolaíocht nua-aimseartha a bhí i gceist aige, priontáil lazer a bhéidh i ndán láimhscríbhinn iomlán a chur ar C.D. |
s-190
| Seans gur smaoinigh mé ar an Ancient Mariner nó bhí mé loite ag leathchuimhní an léinn. |
s-191
| Bhíodh Conall Ó Dochartaigh ag airneál ag an mháistir go mion is go minic. |
s-192
| Dalta scoile i mbaol ag 'rialacha do-lúbtha'. |
s-193
| Sa meathdhorchadas sin d'fhéadas an stáitse a dhéanamh amach ar éigean faoina shoilse fanna néoin. |
s-194
| breosla a cruthaíodh as taisí orgánach a mhair na milliúin bliain ó shin, leithéidí guail, ola agus gáis nádúrtha. |
s-195
| Chuir sé an teangeolaíocht i gcoitinne chun cinn sa tír seo. |
s-196
| Chuir an scéala a bhí ag Seosamh Ó Cearbhaill di gruaim agus dubhachas uirthi. |
s-197
| Tógann sé na heochracha as. |
s-198
| Tháinig beirt fhathach isteach sa chúige agus bhí siad ag creachadh na dúiche gan stad gan staonadh. |
s-199
| 'Éist leis. |
s-200
| Sé deacracht a bhíodh agam teacht amach as an saol san agus plé le gnáthchúrsaí an tsaoil ina rabhas ag maireachtaint. |
s-201
| An teideal atá air ná 'Kill me, I Love You! |
s-202
| Taisce ábhair léitheoireachta (11). |